Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas don fhorbairt inbhuanaithe

Leagann an Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe 2014 – 2020 béim ar an ngá chun oideachas don fhorbairt inbhuanaithe (OFI) a chomhtháthú sa churaclam ón réamhscoil suas chomh fada leis an tsraith shinsearach. Tá sé d’aidhm ag an Straitéis Náisiúnta a chinntiú go gcuireann an t-oideachas leis an bhforbairt inbhuanaithe tríd an eolas ábhartha a thabhairt don fhoghlaimeoir (‘céard’), na príomh-mheonta agus scileanna (‘cén chaoi’) agus na luachanna (‘cén fáth’) a spreagfaidh agus a chumhachtóidh é ar feadh a shaoil chun bheith ina shaoránach eolach gníomhach a rachaidh i mbun gnímh ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe.

Tacaíonn an ríomheolaíocht le hoideachas don fhorbairt inbhuanaithe trí phríomhscileanna na sraithe sinsearaí a chomhtháthú ar fud na snáitheanna go léir. Le go leor de na comhthéacsanna a úsáidtear chun an t-eolas agus tuiscint ar an ríomheolaíocht a fhiosrú, tugtar deiseanna chun gnéithe praiticiúla agus eiticiúla na ríomhaireachta a phlé, agus chun machnamh a dhéanamh ar úsáid ríomhairí agus na teicneolaíochta a bhaineann leo ó pheirspictíocht na sochaí de.

I snáithe 1, tagaimid trasna ar chleachtais agus ar phrionsabail na ríomheolaíochta i gcur chuige comhthéacs-bhunaithe a bhaineann le comhthéacsanna sóisialta, gairmiúla, agus eolaíocha. Gheobhaidh an scoláire tuiscint ar an tionchar a bhíonn ag úsáid na teicneolaíochta ríomhaireachta ar phobail. I snáithe 2, foghlaimeoidh an scoláire an chaoi ar féidir réitigh a dhearadh a bhaineann leas as cumhacht ríomhairí. Breithneoidh sé aincheisteanna eiticiúla agus comhthéacsanna a bhaineann le húsáid ríomhairí, lena n-áirítear an chaoi ar féidir leis na hacmhainní a úsáidtear i saolré táirge—uisce, breosla, agus leictreachas—éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú trí chórais agus bealaí oibre a athrú. I snáithe 3, de réir mar a thógann an scoláire déantáin ríomhaireachtúla, faigheann sé léirthuiscint ar an gcaoi ar féidir leis an teicneolaíocht ríomhaireachta bealaí a sholáthar chun acmhainní nádúrtha a chosaint. Mar shampla, foghlaimeoidh an scoláire an chaoi ar féidir samhaltú a úsáid chun córais a bharrfheabhsú chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus laghdú a dhéanamh ar dhrochthionchar na mbonneagar agus na gcóras a ídíonn fuinneamh. Ar feadh an chúrsa, cuirfidh an scoláire bunchleachtais agus bunchoincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhm agus forbróidh sé léirthuiscint ar ról éagsúil na teicneolaíochta ríomhaireachta sa tsochaí agus sa timpeallacht ina bhfuil cónaí air.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.